Fáilte go suíomh gréasáin Pharóiste Ghleann Diarmada, Doire, Tuaisceart na hÉireann. Go háitiúil, is dócha gur mar Pharóiste Dhoire Trasna is fearr aithne orainn, agus sin an t-ainm a roghnaigh muid dár láthair ar líne. Ar an suíomh seo gheobhaidh tú eolas faoi phobal an Pharóiste - na ceithre shéipéal ar a riaraimid, eolas faoi amanna Aifrinn agus faoi na grúpaí éagsúla a bhíonn i gcomhar linn inár ministreacht. Faightear ann fosta cóipeanna dár nuachtlitreacha seachtainiúla a thabharfaidh barúil mhaith duit den mhéid a bhíonn ag tarlú anseo! Sínigh ár leabhar aíonna, le do thoil, agus má thig linn aon rud a dhéanamh duit, ná bíodh aon leisce ort dul i dteagmháil linn. Tá an t-eolas riachtanach uilig ag an nasc don Teagmháil ar chlé. Tá eolas faoinár seirbhísí eaglasta le fáil ag an nasc don Eaglais agus Seirbhísí taobh istigh de nasc don Eolas Paróiste. |